Is minic go ndéantar cur síos ar scríobh na filíochta ar nós gur draíocht nó spreagadh atá i gceist, in ionad toradh ar phróiseas rianúil. Sa cheardlann filíochta seo, déanfaimid plé ar mhodhanna éagsúla dán a scríobh agus a eagrú trí Ghaeilge, agus greim á choinneáil againn ar an spreagadh céanna sin.
Writing poetry is often compared to magic or impulse rather than a result of a methodical process. In this poetry workshop, we will explore different approaches to writing and editing a poem in Irish, while staying in touch with those same elements of impulse.
Is scríbhneoir agus áisitheoir as Baile Átha Cliath iad Seirce Mhac Conghail. Scríobhann siad as Gaeilge agus as Béarla, agus foilsíodh a gcuid oibre i Howl New Irish Writing, Lesbian Art Circle, agus Blue Marble Review, i measc irisí eile. Is iar-Thoscaire Óg iad do Dublin Book Festival, agus tá siad mar bhall de AerachAiteachGaelach ó 2024.
Seirce Mhac Conghail is a writer and facilitator from Dublin. They write as Gaeilge and in English, and have been published in Howl New Irish Writing, Lesbian Art Circle, and Blue Marble Review, among others. They are a former Young Writer Delegate for Dublin Book Festival, and have been a member of AerachAiteachGaelach since 2024.